Home » Photo Slider » Bealtaine 2024

 

     Bealtaine 2024

Donegal County Council’s Culture Division Ignites with Creativity at the Launch of the Bealtaine Arts Festival 2024

BEALTAINE 2024

The Bealtaine Festival, Ireland’s national celebration of the arts and creativity as we age, will be bursting onto the scene in Donegal this May, offering a month-long exploration of the arts for older people. The festival, now in its 27th Year, was officially launched on Monday 15th April by Councillor Martin Harley, Cathaoirleach (Mayor) of Donegal County Council at a lively launch event at Kilbarron House, Ballyshannon.

The festive atmosphere was set by the infectious energy of the Ballyshannon Street Band, while the Ballyshannon Active Retirement Singers filled the air with joyful melodies.

Officially launching the festival, Councillor Harley emphasized the importance of embracing the festival's theme, "Lust for Life," stating, "I hope everyone will seize each moment of this festival with enthusiasm and vigor." He went on to praise the Bealtaine Festival as "a testament to the fact that age is no barrier to creativity, curiosity and joy."

We have a wonderful variety of events planned for Donegal this year,” said Sinead Noonan, Donegal Bealtaine coordinator. "There will be something for everyone, from gentle activities like chair Pilates and willow weaving to acrylic painting classes and a fascinating talk about native garden birds throughout the seasons. There will be visual art exhibitions and film screenings to music performances and dance workshops, the festival promises a diverse and enriching program for all. We're also delighted to welcome Maura Logue, who will be bringing her one-woman show to day centres and care homes across the county in May. Events in a festival such as Bealtaine, only take place because of funding from initiatives such as Healthy Ireland and Creative Ireland funding and we are grateful for their continued invaluable support."

Pick up a Donegal Bealtaine Festival 2024 Brochure from your local library or click  Bealtaine 2024 Brochure ‌ to access the digital version. 

Click here to access the Eventbrite booking page. 

For further details contact 074 917 5384 or email [email protected]

 

Tá Rannóg Cultúir Chontae Dhún na nGall lasta le Cruthaitheacht chun Féile Ealaíon Bealtaine 2024 a Sheoladh

BEALTAINE 2024

Beidh Féile Bealtaine, ceiliúradh náisiúnta na n-ealaíon agus na cruthaitheachta agus muid ag dul in aois de chuid na hÉireannfaoi lán seoil i nDún na nGall i mí na Bealtaine bheag seo. Cuirfear na healaíona i láthair ar feadh míosa do dhaoine scothaosta. Sheol an Comhairleoir Martin Harley, Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall an fhéile, atá ar bun le 27 bliain anuas, go hoifigiúil Dé Luain, an 15 Aibreán ag ócáid bhríomhar i dTigh Kilbarron, Béal Átha Seanaidh.

Cuireadh tús leis an atmaisféar tógálach leis an Bhanna fuinniúil Ballyshannon Street Band, agus leis na hamhránaithe Ballyshannon Active Retirement Singers a bhí lán le ceol lúcháireach.

Agus é ag seoladh na féile, dhírigh an Comhairleoir Harley ar an tábhacht a bhain le glacadh le téama na féile, “Dúil sa Saol/Lust for Life” agus luaigh sé, “Tá súil agam go nglacfaidh gach duine seilbh ar an fhéile seo go fonnmhar agus go bríomhar.” Lean sé ar aghaidh le moladh a thabhairt d’Fhéile Bealtaine mar “fhianaise nach raibh aon bhac aoise ar chruthaitheacht, ar fhiosracht ná ar aoibhneas.”

Tá imeachtaí éagsúla pleanáilte do Dhún na nGall i mbliana,” a deir Sinéad Noonan, comhordaitheoir Bhealtaine Dhún na nGall. “Beidh rud éigean ann do chách, idir ghníomhaíochtaí séimhe ar nós Pilates sa chathaoir agus fíodóireacht saileog go ranganna péintéireachta aicrileacha agus léacht spéisiúil faoi éin sa ghairdín i gcaitheamh na séasúr. Beidh taispeántais amharc-ealaíon agus scannáin ar siúl le taibhithe ceoil agus ceardlanna damhsa, agus tá cosúlacht ar an fhéile go mbeidh clár éagsúil agus saibhir do gach duine ar fáil. Tá áthas orainn freisin fáilte a chur roimh Maura Logue, a chuirfidh a taispeántas seó aonair i láthair sna hionaid lae agus sna tithe cúraim ar fud an chontae i mí na Bealtaine. Murach an maoiniú ó thionscnaimh cosúil le hÉire Shláintiúil agus Éire Ildánach, ní bheimis in ann imeachtaí i bhféile cosúil le Bealtaine a chur ar bun agus táimid fíorbhuíoch as a gcuid tacaíochta atá luachmhar agus leanúnach.”

Is féidir Bróisiúr Fhéile Bealtaine Dhún na nGall 2024 a íoslódáil anseo - Bealtaine 2024 Brochure ‌ , nó tá fáil ar bhróisiúr ó do leabharlann áitiúil. Chun breis eolais a fháil déan teagmháil le 074 917 5384 nó seol ríomhphost chuig [email protected]